Fáilte roimh an Ilen go hÓileán Chléire Curfá Trasna na dtonnta, ó thuaidh, ó thuaidh, Slán leis an uaigneas, is leis an saol cruaidh, Geal í mo chroí, agus geal í an ghrian, An Ilen ag filleadh go Cléire. Chonaic mó dhothain de chríocha i gcéin, Farraigí móra, cruatan an tsaoil, D’ardaigh mo sheol le athrú an ré, Le filleadh ar dhuíche mo dhéanta. Curfá Is cuimhin liom óg fhir, láidir ‘gus gcroí, Donncha ‘gus Concubhar Ó Céadagáin fíor, Mairnéalaigh cruthanta, cróga gus fial, Faoi Chormac Uí Bhrian, an Seoltóir. Curfá Chaith na blainta ag treabhadh na dtonn, Ó Phort Stanley, anonn is anall, Stoc agus lasta, go deireadh an Domhain, Is d’iompar abhaile go slán iad. Curfá Is mó foireann a shiúil ar mo dheic, Le seachtó ciúig bliain, gan cliseadh nó teip, Ach ní fhach mé sáru, inniu nó inné, Ná Paddy Barry is a ghascígh.
|