View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Cúrsa Eiceolaiochta 5-9 Iúil 2010

Dé Luan 5ú — Dé hAoine 9ú Iúil, 2010. Tá an cúrsa eagraithe ag na Doctúirí Geoff Oliver agus Paddy Sleeman ar son Chomharchumann Chléire Teo., Oileán Chléire, Co. Chorcaí. Is áiteanna fíorspéisiúla iad oileáin agus ní h-aon eisceacht é Oileán Chléire. Suite thart ar naoi míle ó chósta iar-dheisceart na hÉireann, is ceantar cáiliúil é i gcomhair go leor speiceas éin imirceacha annamha agus is port faire cáiliúil é do mhíolta móra. Tá tírdhreach fíor-álainn ann agus is féidir taiscéal a dhéanamh go h-éasca agus go sábháilte ann de chois. Mar rannpháirtí sa scoil samhraidh seo, cuirfidh tú eolas ar ghnáthóga éagsúla sna fáil , sna páirceanna agus ar an dtrá. Chomh maith leis sin féachfaidh tú ar éagsúlacht shaibhir na mbláthanna ar an Oileán. Foghlamóidh tú na bunscileanna maidir le faire na n-éin agus na míolta móra ó shaineolaithe, comh maith le scileanna eile mar anailís bídh na n-ainmhithe dúchasacha. Beidh cur i láthair ar siúl faoi chúrsaí práinneacha an chomhshaoil ar nós inbhuanaitheachta, bithéagsúlachta agus caomhnithe, ó dhearcadh áitiúil, ag tabhairt léargais uathúil luachmhair. Tá Oileán Chléire ar cheann den cúpla ceantar Gaeltachta atá fágtha in Éirinn. Tá oidhreacht shaibhir teanga agus cultúir ann. Cífidh tú sean-iarsmaí agus cloisfidh tú faoi roinnt buaicphointí agus pointí laga i stair an oileáin ag dul siar breis agus 5,000 bliain, ó staraí áitiúil cáiliúil. Beidh teangeolaí proifisiúnta agus cainteoir Gaelinne ag labhairt faoin dteanga agus ag déanamh iniúchta ar roinnt bríoanna spreagracha agus ar scéalta atá taobh thiar de chanúint na háite. Beidh an cúrsa ar siúl idir an 5ú - 9ú Iúil, 2010. Is cúig lá gnóthach as a chéile iad ach beidh neart deis le haghaidh fánaíochta, spontáineachta agus spraoi. Costas: €200 Tá foirm chláraithe agus clár an chúrsa ar fáil ag Booking form Course timetable Anois, agus é ar siúl le sé bliaina anuas, beidh Éiceolaíocht Oileán faoi threoir an Dr. Geoff Oliver agus an Dr. Paddy Sleeman. Thug Geoff Oliver aghaidh ar Oileán Chléire i dtús báire ar saoire faire éan sna seascadaí., Tá sé ina chónaí ar an oileán le deich mbliana anuas anois. Chuaigh sé go hOllscoil Exeter mar mhac léinn lánfhásta, áit gur bhain sé amach BEol i mBitheolaíocht agus Tíreolaíocht sa bhliain 1989. Fuair sé PhD ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath i 2005 i staidéar ar mhurlaigh chósta. Tá sé anois ar Oileán Chléire, áit a n-oibríonn sé mar bhitheolaí féinfhostaithe ag déanamh suirbhéireachta ar mhurlaigh chósta, ar na hinbhir agus ar na héin. Bronnadh céim éiceolaíochta ar Paddy Sleeman ó Ollscoil Uladh agus bhain sé amach PhD faoin easóg Éirinneach i gColáiste na hOllscoile, Chorcaí. Tá obair déanta aige ar roinnt mamaigh fiáine ar an dá thaobh den teorainn Éirinneach agus sa Bhreatain. D’oibrigh sé san Aifric Theas, i Sainsibeár, agus i Madagascar agus bíonn sé gafa in athchóiriú éiceolaochta oileáin. Faoi láthair, tá staidéar á dhéanamh aige ar bhroic agus an Eitinn in iar-dheisceart na hÉireann. Tá an cúrsa seo ar fáil do chách agus tá sé faofa ag an Roinn Oideachais mar chúrsa samhraidh do mhúinteoirí bunscoile.

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923