Soiléirann an Chailín Óir gur fhág an Tranquility Gaillimh go luath maidin inniu, Ceadaoine 22.12.10 ag triall ar Dhún na Séad agus táthar ag siúl leí i nDún na Séad san iarnóin amarach, Deardaoine 23.12.10. Tá sé soiléirithe dúinn freisin ag an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe, COmhionnanais & Galetachta go bhfuil an tréimhse 16 dá thart agus go mbronfar conradh 8 mbliana ar an Comhlacht ó 1 Feabhra 2011, leis an socrú sealadh atá ann faoi lathair i bhfeidh ar feadh mí eile go deireadh Eanáir 2011. Eiseófar clár ama le haghaidh Eanáir go luath agus deanfar socrú cruinniú phoiblí a ghairm san Oileán i mí Eanáir seo chugainn. Idir an dá linn, is mian linn Nollaig Shona a ghuí daoibh go léir.
|