Tá sé beartaithe ag Seirbhís Farantóireachta An Chailín Óir ainm an bhád nua farantóireachta a bheidh ag tabhairt seirbhís do Oileán Chléire a aistriú ó ‘Island Princess’ go dtí ‘Dún an Óir 11’. Roghnaíodh an t-ainm nua ar chúiseanna éagsúla, san áireamh an tagairt don dún cáiliuil, ‘Dún an Óir’ san Oileán, úsáíd an focal ‘Óir’ a léirionn snaidhm lenar céad bád, ‘An Chailín Óir’ agus gan dabht, go raibh an t-ainm in usáid cheana féin ar bhád farantóireachta a thug seirbhís don Oileán. Tá an chéad ‘Dún an Óir’ sa cheantar fós ach tá droch chaoi air faoi láthair agus é caite le blianta ar an trá ar Inis Earcháin. Tiocaidh an t-ainm nua i bhfeidhm nuair a bheidh an bhád a ath chlárú. Séamus Ó Drisceoil, Rúnaí 8 February 2011
|