Is mian le Seirbhís Farantóireacht An Chailín Óir léiriú dár gcunstaméirí go bhfuil laigí sa seirbhís téacs atá in usáid. Inniu Dé Máirt 15.2.2011 den 77 téacs a cuireadh ag 9.49 am ní raibh ceann scribe sroiste ag 47 téacs faoi 10.50 am agus faoi 11.45 am bhí 11 téacs fós ag fanacht. Tá sé léirithe againn go dtógann sé suas le dhá uair ar mórchuid na téascanna dul go ceann scribe. Ní féidir brath go hiomlán ar an córas téacs dá bhrí sin agus moltar do phaisinéirí seicáil ar an lch Idirlín ag http://www.cailinoir.com/ nó teagmháil go díreach linn i gcásanna práinneach. Séamus Ó Drisceoil, Bainisteoir.
|