Mícheál agus Síle A Michíl Uí Cheadagáin a chara dheaslámhach, Thuillis urraim, ónóir, sa bhaile agus thar bádh, Nuair a thagadh am gábhadh, glaofaí ar Mhícheál, Chuiris speilp ar mhóran, a shár-dhuine cháidh. Fear cróga 'gus cleachtan agus comrádaí dea-chroích, Threabhaidh sé, rómhar sé agus dhein branar mín. Is chuir na mílte thar bóchma fé chóir, chrot is chrích Ba chuma fliuch fuar é, ní bheadh air aon mhoill. Tonntacha tréana fé chúr bhagarach bhraoanach, Níor chuir air aon eagla, bhí obair le déanamh, Bhuail sé an bord agus d'eagair a cheart éileamh, Is d'fág fiairí feádha na leathscéal, go lag léanmhar. Bean chiallmhar shocair 'sea Síle, sin móid, Thóg clann gan ghleo, caoi mar ba chóir, Dá mbeadh ort airc ocrais ó thaisteal na ród, Réiteodh, mar dhual muintire, ó aimsir analód. Do scolairí na leabhar nó na gliogairí láin, Chuirfeadh ortha dea-chomhairle na céille gan cháim; Chrúfadh sí bó bhainne, is leasódh an scadán, Dheiseódh sí an stoca agus réiteódh sí an tsnáth. Dá bhfaighinn-se mo rogha do chrua fheara an tsaoil, Do laoch phobal Chléire a thabharfainn an sué, Níor chúl riamh ó shaobh-bhearta ná ó obair challaódh Sin agaibh Mícheál, an fathach geanúíl geal ghnéadh. Anois guím-se ar an lánúin, ádh rath is séan, Go bhfága Dia acu a sláinte a dtuiscint is a gcéill Go mbí acu suaimhneas, sólás, sásamh is faid saoil, Is guím dtí an Aon Mhac go ndéanfaiidh siad an céad. Is bainigí sásamh sóchúil anois as gach lá Dís an t-sár-ghaisce ar bhán, chistin agus thrá, Bhúr moladh atáim rud óir nár ghábhadh, Tá cáil dea-thréithe oraibh i gcian is i ngárr.
|