View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Toghchán do ionadaithe le dul ar choiste monatóireachta sheirbhís farantóireacht Chléire

• Is é an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá i bhfeighil an toghchán • Beidh an toghchán ar siúl san ionad turasóireachta ar an Satharn 24ú Meán Fómhair 2011 ó 12 meán lae go 3.15 i.n. • Beidh cead ag na daoine atá ar liosta vótála oifigiúil an Chomhairle Chontae vóta a chaitheamh • Beidh an toghchán bunaithe ar chóras PR mar a bhíonn toghcháin náisiúnta • Is iad na daoine seo a leanas a bheidh ar an mbileog vótála: o Duncan Harper o Ed Harper o Fiona Mac Lachlann o Peadar Ó hUigínn o Máire Uí Dhrisceoil • Toghfar beirt ón liosta seo • Beidh bus ar fáil chun daoine a thabhairt chuig an ionad vótála más gá • Beidh deis ag aon duine ón bpobal gur mian leo féachaint ar an gcomhaireamh é seo a dhéanamh díreach tar éis an vótáil i gClub Chléire • Ba chóir do dhaoine atá ag caitheamh vóta foirm aitheantas éigin a thaispeáint ar an lá (m. sh. Pas, ceadúnais tiomána & rl.) Má tá aon cheist faoin bpróiseas thuas is féidir dul i dteagmháil le Bríd Ní Chonghaile ag 091-503700

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923