Beidh Oíche Ceiliuradh, ceol agus craic ag tosú ag 8pm ar an Satharn 20ú Deireadh Fómhair i gClub Cléire chun buíochas a ghlacadh le Pobal an Oileáin as a gcuid comhoibriú le Loosehorse Productions a rinne an clár “Ar An Oileán” atá le craoladh ar RTE1 ar feadh 4 seachtain ón 12 Samhain. Chomh maith le ceolteoirí an Oileáin, atá ag dul ó neart go neart táimíd ag siúil go mbeadh grúpa eile ceolteoirí ón lasmuigh i láthair chomh maith, Clann Lane agus a cairde. Fáilte roimh chách.
|