Deanadh feabhsú eile ar na cosáin marcáilte sa Oileán an tseachtain seo caite. Tá stua mara den scoth ar an taobh ó dheas den Oileán ach ní fhaigheann mór thromlach dóibh siúd a usáideann an chosán marcailte radharc air mar nach bhfuil sé le feicáil ón gcosán féin. Táimíd buíoch do Chuck agus Nell Kruger a thugann lán tacaíocht dos na cosáin don moladh a rinne siad le tamall cúpla postán breise a instealú chun a leiriú do dhaoine cá bhfuil an timpeall beag is gá chun teacht ar an radharc fior álainn seo. Baineadh é seo amach an tseachtain seo caite. Meabhraítear gur aít deas le haghaidh picnic é seo ach do bhruascar a bhailiú leat. Bhí Richard Fenlon ó Bhru na Óige i láthair freisin agus thóg sé pictiuirí den scoth agus tá nasc chuchu seo agus don méid deas atá le rá aige faoin. http://www.facebook.com/CapeClear
|