I was recently asked to pen a 'Letter from Cape Clear' for Radio na Gaeltachta and it was broadcast last week. I enclose it below, as Gaeilge. For those interested this could be a good opportunity to practice your Irish and there is always Google translate.
Litir as Cléire
Ós cionn mo leaba tá sraith leabhair. Siad mo chairde rúnda, leabhair faoi áiteanna iarghúlta, oileáin na hAlbain agus na hÉireann, aiteanna cois cósta nó go hard sna sléibhte, i nGaeilge agus i mBéarla.Ina measc, tá Seanchas Chléire, An tOileánach agus ár sean cara, Peig. Má mhairim, lá eigint, scriobhfaidh mé féin ceann eile.
Is ró mhinic a chloistear daoine mar mé ag trácht ar dhushláin agus deacrachtaí a bhaineann le pobal beag oileanda. Is trua sin go mór, mar, go fiírrineach is mó go mór na buntaistí, na suailcí, an suaimhneas corp agus anama a bhaineann leis an saol draíochtiúil seo. Is brea liom na leabhair céanna seo mar go dtuigeann na húdair an rud seo.
Le himeacht na mbliain is ag méadú atá an sásamh seo leis an saol atá roghnaitha agam agus mó chéile Bríd agus ait go leor, is í an cheist is mó atá againn faoi , an dushlán is mó a bhaineann leis an saol céanna. Is é sin cén fáth nach mealltar níos mó daoine chun cur futhu in áiteanna mar seo, cén fáth go bhuil bagairt ceal daonnra ar an bpobal speisialta seo ?
Tamll ó shin, chuala cara ag geoiníl, leaid eile mar mé a tháinigh ó lár Sail Uí Chnocháin i Dún Laoghaire. Bhí air 3 lá as a chéile a chaitheamh sa Sciobairín agus seard a bhí le rá aige faoi “Cad is féidir leat a dheanamh sa bhailemór, lasmuigh den doras tá sráid i dtreo amháin agus sráid sa treo eile agus NÍL AON RUD LE DEANAMH.”.
Is minic daoine ón lasmuigh ag cur an cheist céanna seo faoi Oileán. Roimh theacht anseo dom chaiteas dhá bhliain in oifig sna árd chathair agus bhraitheas é an dian ar fad, ní an obair a mharaigh mé ach a bheith sáite istigh samhradh agus geimhridh. Nuair nach bhfuaireas mó shá den saol lasmuigh le linn seisiúir éagsula na bliana bhí rud éigin an mhór in easnamh. Cé go mbím fós in oifig, tá an tOileán mór thimpeall orm agus tá faoiseamh le fáil díreach lasmuigh den doras.
Cosúil le mo chomharsain tá radharc den scoth againn ón ár dtigh, Cuan Inbhir Mór, idir aillte , pluaiseanna agus tonnta fiochmhara ag briseadh go hard na spéire ar an stua mhara atá díreadh as radharc. Mealann sé míolta móra, deilphanna, rónta, séaga a chaitheann cupla seachtain ann, lucht kayakoireacht agus seolteoireacht, iascairí, eanlaithe mara, caitheann na páistí laethanta fada sa trá ag bun an ghairdín ag cuardach portáin, smugairle róin agus ríbini roibéis, is uaidh a theimíd ar thóir maiciréil nó polloga sa chanoe, nó raic sa gheimhridh. Bíonn tine cnámh againn ann, campáil thar oíche agus cuimhnímíd ar an lá go bhfuaireamar ceithre ghliomach mór in aon phota amháin.
Inar ngairdin féin tá glasraí, prataí, cearca, crainn úll, sú talún agus caora de gach saghas, gabhair, caoirigh agus muic uaireanta, faolach cait, sean tobar, fallaí cloch, tig sa chrann don phaiste is óige, feileacháin den uile short, mealann sé éin neamh ghnách agus na sluaite éaneolaithe sa bhfómhar, bíonn lorg an mhadra uisce ann cé nabh bhfeicter é agus smaoinimíd ar an lá gur thainigh lacan agus áil laiciní leí an treo agus gur thiteadar isteach i bpoll, nach mór an spraoi a bhí sa tarrtháil a rinne na páistí orthu.
Agus na heachtraí a thiteann amach sa phobal seo, trathnóna fada ag stracadh le tine sléibhe leis na comharsain, na laids ag cur síos na búmbaí lá stoirme, gach éinne sásta téad an bháid a thogaint nuair is gá, ag tarrach gluaisteán as clathacha an Oileáin le cabhair an té is tuisce a thagann an slí. Agus ag obair le chéile, nach deas an falla mílaoise a thógamar, na crainn a chuireamar agus na rudaí eile go léir a dheanaimíd le chéile. Bhfuil ceol níos binne ná an chéad phort a sheininn páiste don phobal, an chéad amhrán, an chéad Oíche Shamhna nó Daidí na Nollaig agus na cairde agus comharsain le chéile.
Seo an mheascán den áilleacht nádurtha, eachtraí an tsaoil, cúnamh in am an ghátair agus ceiliúrach lena chéile, óg agus aosta araon, sean traidisiúin, nathanna cainte agus nósann ag bruchtáil amach ó am go ham, gach rud le chéile a dheanann an saol seo chomh mealltach, chomh sáisiuil agus chomh saibhir. Níl ach 130 áitreoir lán aimsearach san Oileán anois, agus tá pobal chomh beag le seo ró leochailleach, agus dá mbeadh 200 againn ann, sin uile a bheadh uaim.
Séamus Ó Drisceoil
|