View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Dáil Question

 

DAIL QUESTION by Joe Higgins

NO. 916

Chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici don fhorbairt gheilleagrach agus chun postanna a chruthú ar Oileán Chléire, Contae Chorcaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.
- Joe Higgins.
*    For WRITTEN answer on Wednesday, 15th April, 2015.

Ref No:   14244/15     Proof:   1024


R E P L Y

AN tAIRE STÁIT SA ROINN EALAÍON, OIDHREACHTA AGUS GAELTACHTA (JOE MCHUGH, T.D.)




Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil plean forbartha fostaíochta do Ghaeltacht Chorcaí, lena n-áirítear Cléire, le haontú faoi láthair. Tá an tÚdarás ag súil go n-aontófar na tionscnaimh agus na beartais is riachtanaí le heagraíochtaí eile Stáit, lena n-áirítear Comhairle Contae Chorcaí, le linn na tréimhse pleanála seo. Tá ionadaíocht ag an Údarás ar Ghrúpa Oileánda Iarthar Chorcaí agus ar Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochtaí Iascaigh an Iardheiscirt chun a chinntiú go bhfuil pobal Chléire agus na hoileáin ábhartha eile ag fáil an tairbhe is mó as seirbhísí agus tacaíochtaí an Stáit.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú leanúnach á chur ar fáil ag an Údarás d’fheidhmiú plean forbartha Chomharchumann Chléire Teo. Aontaítear plean forbartha ar bhonn bliantúil leis an gComharchumann a dhíríonn ar gach gné de shaol an phobail ar an oileán, idir sheirbhísí iompair agus cothabhála, forbairt turasóireachta, cúram leanaí agus seirbhísí pobail eile.

Tuigim fosta ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil plé leanúnach idir an tÚdarás agus pobail Chléire faoi na deiseanna forbartha ar an oileán. Cuireann an tÚdarás comhairle ar an bpobal faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí eile atá ar fáil dóibh chun tograí gnó agus pobail agus tionscnaimh chultúrtha a chur chun cinn ar an oileán.

 

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923